Réimse agus Raon
Is é WIT an soláthraí ardoideachais is mó i réigiún Oirdheisceart na hÉireann agus is ceann de na hInstitiúidí is mó in Éirinn í. I réimse agus raon na hInstitiúide léirítear riachtanais an oirdheiscirt chomh maith le riachtanais na tíre san iomlán, agus iad ag athrú.
Tá réimse na gclár acadúil thar a bheith leathan sa mhéid go gcuirtear idir Ardteastas agus thaighde iar-dhochtúireachta ar fáil sa Léann Daonna, Sláinte agus Altranas, Faisnéisíocht, Innealtóireacht agus Ailtireacht, Gnó agus Oideachas.
Foghlaim agus Rochtain ar feadh an tSaoil
Tá WIT chun tosaigh le tamall anuas san earnáil ardoideachais in Éirinn maidir le deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil agus rochtain a chur ar fáil do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Tá mórán de thionscnaimh rathúla de chuid WIT sa réimse seo athdhéanta ag coláistí eile. Mar fhreagra ar na riachtanais atá ag grúpaí neamh-chaighdeánacha tá saineolas forbartha ag WIT i dtaobh creidiúnaithe sholúbtha, for-rochtana agus modhanna soláthair solúbtha.
Timpeallacht ina dtugtar cúram
Is gné thábhachtach d’éiteas WIT é timpeallacht foghlama chomhbhách thacúil a chur ar fáil dá cuid macléinn. Tá réimse seirbhísí tacaíochta den scoth ar fáil do mhicléinn. Áirítear orthu an Lárionad Saoil agus Foghlama do Mhicléinn (Student Life and Learning Centre) agus an Lárionad Leighis ina gcuirtear cúram, comhairliú, treoir agus tacaíocht ar fáil do mhicléinn a bhfuil fadhbanna acu idir phearsanta, shóisialta agus shláinte. Ar na tosaíochtaí eile atá ag WIT áirítear tithíocht mhaith do mhicléinn. I láthair na huaire tá dóthain árasáin mhicléinn ardcháilíochta i seilbh na hInstitiúide nó faoina bainistíocht
Taighde agus Nuáil
Tá pobal taighde agus pobal iarchéime WIT faoi bhláth. Tá ardphróifíl ag mórán de na taighdeoirí i bpobal acadúil na tíre seo agus an AE araon. Is léir é seo mar d’éirigh le taighdeoirí WIT i gcoinne taighdeoirí Ollscoile i gcomórtais chun maoiniú mór-le-rá náisiúnta agus maoiniú de chuid an AE a bhaint amach (m. sh. PRTLI, Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann agus Clár Creataí AE FP4, FP5, FP6, agus le déanaí, FP7). Le 10 mbliana anuas d’éirigh le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge maoiniú taighde de bhreis is €70 milliún a fháil.
Naisc Idirnáisiúnta & Naisc leis an Tionscail
Tá comhpháirtíochtaí malartaithe agus taighde foirmiúla ag WIT le breis is 40 ollscoil ar fud an domhain. Áirítear orthu seo Ollscoileanna seanbhunaithe ar nós Oxford, Coláiste na Tríonóide, Bhaile Átha Cliath agus Coláiste Ollscoile Londain chomh maith le hollscoileanna teicneolaíochta nua cosúil le hOllscoil Teicneolaíochta Bhúdaipeist agus Ollscoil Eolaíochta agus Teicneolaíochta Nanjing. De bhreis air seo tá dlúth-naisc ag WIT leis an tionscal agus le tráchtáil, leis na gairmeacha agus leis an tseirbhís phoiblí i dtaobh taighde, comhairleoireacht, socrúcháin do mhicléinn agus socrúcháin do chéimithe srl. Cothaítear cultúr na fiontraíochta agus na nuálaíochta ag gach leibhéal den eagraíocht. Is féidir sin a léiriú tríd chlár bliana an ardán fiontair a thairgtear do chéimithe sa Scoil Ghnó. Trí Scoil an Léinn Daonna tá ról fíor-thábhachtach ag WIT i saol cultúrtha agus sóisialta an réigiúin.