Bhain Tom Boyle, mac léinn in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, 80 bliain amach ar an 25 Deireadh Fómhair. Bhí ceiliúradh aige le pobal WIT
Bhain Tom Boyle, mac léinn in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, 80 bliain amach ar an 25 Deireadh Fómhair. Bhí ceiliúradh aige le pobal SETU.
Tom Boyle
Tá Tom Boyle ag déanamh staidéar ar an nGaeilge agus ar an mBéarla mar chuid den Bhaitsiléir Ealaíon (Onórach) i Roinn na nEalaíon Feidhmeach i Scoil na nDaonnachtaí. Is mac léinn aibí é Tomas agus bhí an-lá againn ar an 25 Deireadh Fómhair nuair a céiliuradh breithlá Tomas agus ochtó bliain d’aois bainte amach aige.
An-mheas
Tá an-mheas ag a chuid léachtóirí ar Thomás agus an t-éacht atá déanta aige ag teacht thar n-ais go dtí an coláiste chun chéim a bhaint amach. Réitíonn Tomás go han-mhaith lena chomhscoláirí agus is léir go bhfuil an-mheas acu air chomh maith. Ní amháin sin ach tugann Tomás comhairle dóibh agus cabhraíonn sé leo nuair a bhíonn cabhair ag teastáil. Guímid gach rath ar Thomás leis an gcuid seo da shaol. Lá Breithe Sona Duit, a Thomáis… is aoibhinn beatha an scoláire!