Saol agus Gairmeacha le Gaeilge

Humanities
Pól Ó Finn, Níamh Ní Chróinín, Peter Kavanagh, Eoin Breathnach, Dr Séamus Dillon, Dr Ian Ó Catháin, Dr Suzanne Denieffe

Pól Ó Finn, Níamh Ní Chróinín, Peter Kavanagh, Eoin Breathnach, Dr Séamus Dillon, Dr Ian Ó Catháin, Dr Suzanne Denieffe

Seachtain na Gaeilge: Fuair 550 dalta meánscoile an-léargas ar na féidearthachtaí agus ar na deiseanna a thugann an Ghaeilge dóbh sa saol gairmiúil

Bhailigh thart ar 550 dalta meánscoile le chéile i WIT ar an 12 Márta chun céilúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge. Ní amháin sin ach fuair siad an-léargas ar na féidearthachtaí agus ar na deiseanna a thugann an Ghaeilge dóbh sa saol gairmiúil.

Buntáistí

Bhí daltaí ann ó chathair Phort Láirge, ó Dhún Garbhán, ó Loch Gharman agus ó Cheatharlach. Chuir na daltaí seó iontach ar siúl agus bhí drámaíocht, damhsa, amhránaíocht agus scannáin ar an stáitse. Nuair a bhí na daltaí críochnaithe ar an stáitse bhí aíonna speisialta againn a thug cuntas ar na buntáistí agus ar na deiseanna a bhaineann leis an nGaeilge sa saol. Seo a leanas na cainteoirí:

  • Niamh Ní Chróinín (Craoltóir, Bainisteoir Raidió Rí Rá, múinteoir cheardlanna raidió);
  • Irial Ó Ceallaigh (Oifigeach Pleanála Teanga agus craoltóir);
  • Peter Kavanagh (Urlabhraí Ghaeilge, An Comhaontas Glas);
  • Mícheál Ó Coileáin (Oifigeach Forbartha Gaeilge, HSE);
  • Pól Ó Finn (Conradh na Gaeilge);
  • Eoin Breathnach (CLG Port Láirge).

Níos mó imeachtaí

Bhí lá an-tairbheach againn agus níl aon amhras ach gur bhain na daltaí an-taitneamh as. Mar a dúirt an Dr Séamus Dillon a d’eagraigh an lá: “Thug na daltaí scoile an-taispeántas de dhrámaíocht, amhránaíocht, damhas agus scannánaíocht dúinn ar maidin. Ina dhiaidh sin thug na cainteoirí an-chuntas ar na deiseanna oibre a thugann an Ghaeilge do dhaoine. Bhí an-lá ann agus tá súil againn go mbeidh níos mó imeachtaí mar seo againn amach anseo”.

Is féidir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i WIT ar an BA (onóracha).

Related Courses

Bachelor of Arts in  Arts (Hons)

Featured News