Bhí ríméad ar Nemeton TV agus Institiúd Theicneolaíochta Phort Láirge rogha leathan scannáin nua a chruthú agus a chur i láthair an phobail sa SGC i nDún Garbhán ar an 18ú Bealtaine. I mbliana bhí ceiliúradh ag deichniúr scoláire i measc cairde, teaghlaigh agus na réalta sna scannáin.
“Is ardú croí dúinn caighdeán na ndéantóirí scannáin a rinne an cúrsa i mbliana. Bhí samhlaíocht agus cruthaitheacht na stiúrthóirí, léiritheoirí agus eagarthóiri don chéad ghlúin eile soiléir le feicéail ag an taispeántas” dúirt an Stiúrthóir Oiliúna, Moira Sweeney.
Mhol Irial Mac Mhurchú, Stiúrthóir Bainistíochta Nemeton TV, caighdeán na scannán:" Gach bliain, tá athás orainn go bhfaigheann na céimithe obair anseo i Nemeton agus i gcomhlachtaí eile agus i staisiúin teilifíse timpeall na tíre”. Tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht don chúrsa agus dúirt Eibhlín de Paor “Tá sé fíor thábhachtach dúinn go dtugann an cúrsa seo na scileanna riachtanacha chuig na scoláirí chun obair i dtionscadáil na teilifíse agus na meáin digiteacha in Éirinn”.
Tugann gach scannán léargas thar a bheith suimiúil dúinn ar traidisiúín and scéalta eagsúla in Éirinn. Sa scannán An Lá a Thit an Condor, i meascán cumasach athchruthaithe agus cartlainne, cuimhníonn seanathair an scannánaí Niall Kenny ar an lá gur thuirling ochtar píolóta Gearmánach in Aonach Urmhumhan i rith an Dara Cogadh Domhanda. Clár faisnéise faireach is a é Turas an Dreóilín ina dtsiapeánann an scannánaí Donie Ó Nualláin an tradisiún ann féin atá ag Buachaillí an Dreoilín as Carraig Chiarraí in Iarthair Luimnigh le linn na Nollag 2016. Sa chlár Is Cuimhin Liom, léiríonn an scannánaí léargas pearsanta ar Gerald Lenihan fad is atá sé féin agus a mhuintir ag déileáil lena ghalar Alzheimers.
In B’Fhearr Liom na Sléibhte, Déanann an scannánaí Nuala Dalton, gur ceoltóir í, scrúdú ar an tradisiún ceoil a bhí faoi cheilt agus ar stair Dheiscirt Cheatharlaigh agus Sliabhraon na Staighrí Dubha. Is Clár faisnéise faireach é Seachtain i Saol Beirt Pholatóir ina bhfeictear saol chrúógach Seanadóra agus Teachta Dála as Corcaigh in imeacht seachtaine. Léirigh Neil Ó Hallacháin agus Cóilín Ó Dubhthaigh é.
In Ó Lads go Fir, léiríonn an scannánaí agus iomanaí Cian O Halloran as ceantar Dhún Garbhán, an bóthar fada go bua Uíle Éireann foireann fé 21 Phort Láirge i 2016, eachtra a chuir deireadh le briseadh croí 24 bliain. Sa scannán An tAthair Ó Fiannachta, tugann stiúrthoir Fiona Griffin agus eagarthóir Ryan O’Dwyer dúinn léargas pearsanta dúinn ar an scoláire Gaeilge a raibh gean ag cách dó, Pádraig Ó Fiannachta ón Daingean a bhásaigh i 2016. Feictear cairde leis ar nós Mhichíl Uí Mhuircheartaigh.
Tá an Cúrsa Iarchéime Ard Dioplóma, atá aitheanta agus molta go forleathan, creidiúnaithe ag Institiúd Theicneolaíochta Phort Láirge agus tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht chomh maith. Tuigtear go forleathan gur é an cúrsa i rannóg na meáin is mó a dhíríonn ar thionscal na teilifíse. Is cúrsa bliana Iarchéime Leibhéal 8 é an tArd Dioplóma i Léiriú Teilifíse. Bíonn na ranganna ar siúl i WIT agus Nemeton TV, An Rinn. Mas maith leat tuilleadh eolais faoin gcúrsa, glaoch ar:
Stiúrthóir Oiliúna: Moira Sweeney
058 46499
[email protected]
www.wit.ie
[url=http://www.nemeton.ie/training]http://www.nemeton.ie/training[/url]
Click here to download article in English
Course runs from September 2017 - May 2018