Tionóladh Comhdháil na nDéise in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ar an 15 Meitheamh. An tUasal Éamon Ó Cuív TD a thug eochairléacht na Comhdhála
Níl aon amhras ach go bhfuil teanga, cultúr agus saíocht na Gaeilge fíorláidir anseo sna Déise. Ba léir sin nuair a tionóladh Comhdháil na nDéise (People, Place and Identity) ar an 15 Meitheamh. Cuireadh an Chomhdháil seo ar siúl i Roinn na dTeangacha, na Turasóireachta agus an Fháilteachas i Scoil na nDaonnachtaí agus ba iad na logainmneacha príomhthéama an lae.
Éamon Ó Cuív TD
Dhein Marian O’Neill, Ceann Scoil na nDaonnachtaí, an oscailt oifigiúil agus léirigh sí a spéis féin agus spéis a athar i gcultúr na Gaeilge ina cuid cainte. Ba é an tUasal Éamon Ó Cuív a thug eochairléacht na Comhdhála. Thug an tUasal Ó Cuív an-léargas ar a chuid oibre féin ar son na Gaeilge agus ar son na logainmneacha go speisialta. Dúirt sé gurbh é óna mháthair a fuair sé an spreagadh agus an fonn dul leis an nGaeilge agus gach iarracht a dhéanamh an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn- rud a dhein sé go héifeachtach ina chuid ama mar aire.
Léachtaí na Comhdhála
Bhí léachtaí spéisiúla againn ó shaineolaithe eile: labhair an Dr John O’Brien ar fhéiniúlacht an duine agus an tábhacht a bhaineann leis i saol an duine; thug an stairí an tUasal Joe Falvey an-léargas ar logainmneacha Phort Láirge agus bhí an-tionchar ag an gcaint sin ar mhuintir na háite a bhí i láthair; tá coiste logainmneacha ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus bhí Máire Seó Bhreathnach i láthair chun cur síos a dhéanamh ar obair an choiste sin; tháinig saineolaí na léarscaileanna, an tUasal Richard Kirwan, isteach chun léacht a thabhairt ar an nasc idir léarscáileanna, logainmneacha agus féiniúlacht an duine; léigh an Dochtúir Patrick O’Connor a chuid filíochta a bhfuil na logainmneacha mar chuid lárnach di; bhí an t-ádh linn go raibh an saineolaí an Dr Pádraig Ó Cearbhaill i láthair agus thug sé an-spléachadh ar ar thábhacht agus ar fheidhm na logainmneacha in Éirinn; chuir an Dr Brian Ó Raghallaigh deireadh leis an gComhdháil le léacht an-suimiúil ar an tionscnamh [url=http://www.logainm.ie]http://www.logainm.ie[/url].
Bhí an-lá againn ag Comhdháil na nDéise i mbliana agus ba leir go raibh na rannpháirtithe an-thógtha leis na léachtaí ar fad.