Tá an Cúrsa Iarchéime Ard Dioplóma, atá aitheanta agus molta go forleathan, creidiúnaithe ag Institiúd Theicneolaíochta Phort Láirge agus tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht chomh maith.
Is am chorraitheach í seo dona micléinn ar Ard Dioplóma I.T.Phort Láirge i Léiriú Teilifíse agus na Meáin Dhigiteacha. Lonnaithe i Nemeton, Léiritheoirí Teilifíse I nGaeltacht na Rinne sna Déise, tá na micléinn díreach críochnaithe ar rogha fairsing drámaí agus cláracha faisnéise. Agus iad a teacht i gcomharbacht ar iar chéimithe ón gcúrsa, tá an buíon óg scannánaithe seo ag súil le gradaim a bhuachaint agus go gcraolfar a gcuid saothair ar theilifís, chomh maith le bheith craolta ag na féiltí scannáin is fearr dá bhfuil ann. Níos tábhachtai ná aon rud eile, féadfaidh siad bheith ag tnúth le deiseanna fostaíochta I dtionscoil bríomhar a bhfuil a gcuid scileanna de dhíth air.
I mbliana, beidh tograí na mac léinn le feiceáil ag clann, cairde is an pobal ag Pictiúrlann SGC i nDún Garbhán ag 1.30pm ar an 19ú Aibreán.
Is amuigh ag siúl ar shléibhte na Comaraigh i gContae Phort Láirge a bhí an Bleá Cliathach Oisín Mistéil nuair a fuair sé an spreagadh lena dara ghearrscannáin drámatiúil 'Amach an Sliabh' a scríobh. Sa ghearrscannán seo, ar chomóradh bliana bhás a máthar, téann dhá dheirfiúr, Lisa agus Kate, ar shiúlóid sléibhe ar thóir loch a raibh a máthair an-thógtha leis. Ar an turas seo, ní mór do na deirfiúir déileáil lena gcaidreamh agus leis na slite inar déileáil siad le bás a máthair. Filleann siad ón sliabh le tuiscint níos fearr ar na pearsantachta éagsúla atá acu agus gaol níos láidre eatarthu.
Ba chéim iontach é do Oisín Mistéil bogadh ó Chontae Áth Cliath go Rinn Ó gCuanach chun an Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse a bhaint amach. Tá an cúrsa tar éis an deis a thabhairt dó a scileanna a fhorbairt agus taithí a fháil ar gach céim sa phróiseas léiriúcháin, ó scríbhneoireacht agus scéalaíocht, go léiriú agus taifead, go eagrúchán agus margaíocht. Tá cúlra áillinn loch Chom Seangán anois ag croílár an scannáin, a thaifeadadh i mí Feabhra 2018, atá scríofa agus stiúrtha ag Oisín agus ina bhfuil Áine agus Cáit Ryan ó Thiobrad Árann mar na príomhaisteoirí.
Tograí na scoláirí eile ar an gcúrsa i mbliana:
Seán Ó Ciardha: Sa chéad gearscannáinn fáisnéise ‘Faoin gCeann Tuí’ ag Seán Ó Ciardha, téann sé sa tóir ar scéal ar leith faoina mhuintir fhéin agus a bhaile dúchasach – an lá ar tháinig foireann scannanóireachta ón mBBC go Conamara sna 60daí. Mar a deir Mártan san agallamh leis: “Ní fhacaimid teilifís, agus bhí criú mór ann, agus bhí fir cheamara ann, agus bhí soilse acu agus bhí sé dáiríre cosúil le bheith I scannáin Cowboys nó rud a cinnt mar sin.”
Damien McManus: Tháinig Damien as Condae Longfoirt chuig An Rinn Mí Meán Fomhair seo caite chun tabhairt faoin Ard Dioplóma i Teilifís agus Meáin Dhigiteacha i Nemeton agus thuig se go bhféadfadh sé na scileanna nua a cheangal le gnéithe eile a bhfuil suim aige iontu. Tagann paisean Damien sa scríobhneoireacht trasna ina chéad gearrchlár faisnéise, ‘Ó Mheabhair go Méar’. Déanann an clár scrúdú ar na cúiseanna a scríobhann daoine, ar cad a thugann inspioráid dóibh, an bhfuil leigheas le fáil as scríobh agus an modh éagsúíl leighis é ar thinneas ná ar ghalar an Duibh… scéalta pearsanta ó thriúr bean chroíúil le dearcanna éagsúla ar an saol agus ar thionchar na scríbhneoireachta ar a saoil féin.
Áine Ryan: Is as teaghlach aitheanta ‘Jim the Mill’ in Upperchurch, Co. Thiobraid Árann, do Áine agus tá dráma gearr álainn do pháistí, dar teideal ‘Feadóg’ scríofa aici ina n-insitear scéal feadóige stáin draíochta agus buachaill óg, Eoin, atá á seinm go síoraí. Agus é ar a shlí abhaile ó scoil tráthnóna amháin, tá Eoin scriosta nuair a fhaigheann sé amach go bhfuil a fheadóg stáin ar iarraidh. Is éacht eile an gearrscannán seo do Áine a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici cheana féin dá cuid dramaí, ina measc, moladh ón spéir ag Féile Imeallach Dhún Éadainn in Albain.
Natália Uí Fhaoláin: Déanann an gearrscannán seo ‘Ón Rinn go Reykjavik’ , atá curtha i láthair agus léirithe ag Brasíleach ó dhúchas agus Gaeilgeoir, Natália scagadh ar cad atá i gceist nuair a bhogtar i bhfad ó bhaile. Bhog beirt chailín óna n-áiteanna dúchais go háiteanna thar a bheith éagsúil ó thaobh an chultúir agus na teangan chomh maith. Feicimid Natália agus Sibéal Turraoin agus cúlra sneachta taobh thoir díobh san Ioslainn agus i gcomparáid leis sin, áilleacht shimplí Heilbhic agus An Chuinigéar sa Rinn.
Tá an Cúrsa Iarchéime Ard Dioplóma, atá aitheanta agus molta go forleathan, creidiúnaithe ag Institiúd Theicneolaíochta Phort Láirge agus tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht chomh maith. Tuigtear go forleathan gur é an cúrsa i rannóg na meáin is mó a dhíríonn ar thionscal na teilifíse. Creideann an foireann go láidir go bhfuil cúrsaí tríú leibhéil dlúthbhainteach, fuinniúil agus go réitíonn siad micléinn don tionscol. Más os comhair ná taobh thiar den gceamara atá beartaithe ag na scoláirí, tá an cursa ansin chun cuidiú leo agus na scileanna riachtanacha sin a mhúineadh dóibh. Le blianta beag anuas, tá an SMEDIA (Student Media Award) sa chatagóir Léiriúcháin Teilifíse i nGaeilge – Faisenéis agus Drámaíocht buaite ag na scoláirí.