D’éirigh thar barr le cláracha ón gcúrsa, an tArd Dioplóma i Léiriú Téilifíse, le blianta beaga anuas ag comórtais náisiúnta sna meáin do mhic léinn.
Agus i mbliana tá na scoláirí arís sa SMEDIAS (Student Media Awards) sna catagóirí Léiriúcháin Teilifíse – Faisnéis agus Drámaíocht. Fuair cúigear scoláire ainmniúcháin do chláracha le hardchaighdeán samhlaíochta agus cruthaíochta.
Is amuigh ag siúl ar shléibhte na Comaraigh i gContae Phort Láirge a bhí an Bleá Cliathach Oisín Mistéil nuair a fuair sé an spreagadh lena dara ghearrscannáin drámatiúil 'Amach an Sliabh' a scríobh. Sa ghearrscannán seo, ar chomóradh bliana bhás a máthar, téann dhá dheirfiúr, Lisa agus Kate, ar shiúlóid sléibhe ar thóir loch a raibh a máthair an-thógtha leis. Ar an turas seo, ní mór do na deirfiúir déileáil lena gcaidreamh agus leis na slite inar déileáil siad le bás a máthair. Filleann siad ón sliabh le tuiscint níos fearr ar na pearsantachta éagsúla atá acu agus gaol níos láidre eatarthu.
Faoin gCeann Tuí
Seán Ó Ciardha: Sa chéad gearscannáinn fáisnéise ‘Faoin gCeann Tuí’ ag Seán Ó Ciardha, téann sé sa tóir ar scéal ar leith faoina mhuintir fhéin agus a bhaile dúchasach – an lá ar tháinig foireann scannanóireachta ón mBBC go Conamara sna 60daí. Mar a deir Mártan san agallamh leis: “Ní fhacaimid teilifís, agus bhí criú mór ann, agus bhí fir cheamara ann, agus bhí soilse acu agus bhí sé dáiríre cosúil le bheith I scannáin Cowboys nó rud a cinnt mar sin.”
Feadóg
Áine Ryan: Is as teaghlach aitheanta ‘Jim the Mill’ in Upperchurch, Co. Thiobraid Árann, do Áine agus tá dráma gearr álainn do pháistí, dar teideal ‘Feadóg’ scríofa aici ina n-insitear scéal feadóige stáin draíochta agus buachaill óg, Eoin, atá á seinm go síoraí. Agus é ar a shlí abhaile ó scoil tráthnóna amháin, tá Eoin scriosta nuair a fhaigheann sé amach go bhfuil a fheadóg stáin ar iarraidh. Is éacht eile an gearrscannán seo do Áine a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici cheana féin dá cuid dramaí, ina measc, moladh ón spéir ag Féile Imeallach Dhún Éadainn in Albain.
Ón Rinn go Reykjavik
Natalia Uí Fhaoláin: Déanann an gearrscannán seo ‘Ón Rinn go Reykjavik’ , atá curtha i láthair agus léirithe ag Brasíleach ó dhúchas agus Gaeilgeoir, Natália scagadh ar cad atá i gceist nuair a bhogtar i bhfad ó bhaile. Bhog beirt chailín óna n-áiteanna dúchais go háiteanna thar a bheith éagsúil ó thaobh an chultúir agus na teangan chomh maith. Feicimid Natália agus Sibéal Turraoin agus cúlra sneachta taobh thoir díobh san Ioslainn agus i gcomparáid leis sin, áilleacht shimplí Heilbhic agus An Chuinigéar sa Rinn.
Leanbh Déardaoin
Amii McGuinness: Baineann clár fáisnéise Amii McGuinness ‘Leanbh Déardaoin’ le buachaill le Down’s Syndrome darb ainm Ben. Sa clár chroíúil seo, faighimid léargas ar a shaol agus saol a chlann, faighimid amach imní a thuistí agus feicimid na héachtaí a bhain sé amach ó bhreith go dtí an lá atá inniu ann. Taispeánann an clár maoithneach seo an sórt tionchar dearfach gur féidir a bheith ag duine amháin ar gach duine sa comhphobal.
Tá an Cúrsa Iarchéime Ard Dioplóma, atá aitheanta agus molta go forleathan, creidiúnaithe ag Institiúd Theicneolaíochta Phort Láirge agus tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht chomh maith. Tuigtear go forleathan gur é an cúrsa i rannóg na meáin is mó a dhíríonn ar thionscal na teilifíse. Creideann an foireann go láidir go bhfuil cúrsaí tríú leibhéil dlúthbhainteach, fuinniúil agus go réitíonn siad micléinn don tionscol. Más os comhair ná taobh thiar den gceamara atá beartaithe ag na scoláirí, tá an cursa ansin chun cuidiú leo agus na scileanna riachtanacha sin a mhúineadh dóibh. Le blianta beag anuas, tá an SMEDIA (Student Media Award) sa chatagóir Léiriúcháin Teilifíse i nGaeilge – Faisenéis agus Drámaíocht buaite ag na scoláirí.