"Táimid tiomanta go láidir don Ghaeltacht seo a thacú agus tá fonn orainn ár gcaidirimh lenár gcomhpháirtithe ann a láidirú amach anseo"
Déanann Plean Straitéiseach Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT), a foilsíodh le déanaí, forálacha speisialta don Ghaeilge agus tugann sé tacaíocht ar leith do Ghaeltacht na nDéise.
Dúirt an Dr Richard Hayes, Leas-Uachtarán ar Straitéis agus Trasfhoirmiú Institiúideach, go raibh fonn ar an Institiúid go mbeadh tagairt ar leith do Ghaeltacht na nDéise agus gníomhaíochtaí WIT ann sa phlean nua seo.
“Maidir le féiniúlacht an réigiúin, is gné láidir ar leith í Ghaeltacht na nDéise” a dúirt sé. “Táimid tiomanta go láidir don Ghaeltacht seo a thacú agus tá fonn orainn ár gcaidirimh lenár gcomhpháirtithe ann a láidirú amach anseo.
Is é sampla amháin de seo ná an comhoibriú idir WIT agus Nemeton. Bhí an comhoibriú seo an-tairbheach do phobal an cheantair, don teanga, dár gcomhghleacaithe sna meáin agus tionscail eile a bhaineann leis an ngnó sin. Tá an tArd-Dioplóma i Léiriú Teilifíse agus na Meán, a d’fhorbair WIT agus Nemeton, ag ullmhú tallann nua do na meáin ó 2006 agus tá cáil ar an gcúrsa maidir le hardchaighdeán na traenála a fhaigheann na mic léinn.
Is é feidhm an cúrsa bliana seo ná chun na scileanna riachtanacha agus praicticiúla a chur ar fáil do na mic léinn i dtreo is go mbeidís in ann obair mar ghairmithe dátheangacha i réimse na teilifíse agus sna meáin dhigiteacha. Tá iarchéimithe an chúrsa ag obair i róil lárnacha sna meáin chraolta agus i dtionscal na scannán in Éirinn.
Dar le ceannaire an chúrsa, Moira Sweeney, “Is buntáiste mór é go bhfuil rannpháirtithe an chúrsa in ann foghlaim i suíomh acadúil agus i dtimpeallacht a bhaineann le craoltóireacht teilifíse beo”. Déanann an comhoibriú seo idir Nemeton agus WIT cinnte go bhfuil an cúrsa in ann feidhmiú i dtimpeallacht leis an teicneolaíocht is déanaí”.
Dar leis an Dr Hayes tá sé i gceist ag WIT cúrsa trí Ghaeilge amháin a chur ar fáil sna blianta atá amach romhainn agus chun na deiseanna atá ann do mhicléinn agus baill fóirne an Ghaeilge a fhoghlaim a mhéadú.
“Beimid ag obair lenár gcomhpháirithe sa Rinn chun níos mó gníomhaíochta a thabhairt go dtí an réigiún. Bhí an múnla atá againn le Nemeton an-rathúil agus thug sé eiseamláir don tionscal. Ba bhreá linn cabhrú le daoine tréitheacha agus cruthaitheacha a mhealladh go dtí an réigiún trí chúrsaí ceannródaíocha mar seo a chur ar fáil”.
Chomh maith leis sin deir an Dr Hayes go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre san AE sa bhliain 2022 agus i mí Iúil seo caite fógraíodh níos mó ná 70 post mar aistritheoirí sa Bhruiséal agus i Lucsamburg
Cuireann WIT an Ghaeilge ar fáil ar chúrsaí mar an Baitsiléir Gnó (Onóracha), Baitsiléir Ealaíon (Onóracha); Baitsiléir Ealaíon sa tSiceolaíocht.
Foilsíodh Plean Straitéiseach WIT 2018-2021 níos luaithe sa bhliain seo agus tugann sé le fios go bhfuil sé ar intinn ag WIT a bheith mar cheann de na 100 Ollscoil níos óige ná 50 bliain roimh 2030. Tá sé i gceist acu é seo a bhaint amach trí phróiséas na nOllscoileanna Teicneolaíochta.