Is am chorraitheach í seo dona micléinn ar Ard Dioplóma I.T.Phort Láirge i Léiriú Teilifíse agus na Meáin
Tá na micléinn díreach críochnaithe ar rogha fairsing drámaí agus cláracha faisnéise agus i mbliana, don gcéad uair riamh beidh tograí na mac léinn le feiceáil ag clann, cairde is ag an bpobal beo ar Facebook ag 7:00pm ar an 14ú Bealtaine.
Na Cruacha
Rinne an fidléir rathúil Iarfhlaith Ó Domhnaill clár faisnéise darb ainm Na Cruacha faoi cheol agus saol na gCruacha, áit iargúlta sna Cruacha Gorma in íar dheiscirt Tír Chonaill. Bhí dhá cead duine ina gconaí ann, ach níl duine ar bith fagtha anois ann. Faigheann an laithreoir Iarfhlaith amach cad a tharla do Na Cruacha.
Na hUachtaráin Óga
‘Taispeáin dom ceannaire na mac léínn agus taispeánfaidh mé an Taoiseach’! Ina chlár faisnéise féachann scannánóir Fearghal de Bhal ar bheirt leas-Uachtarán ban in Aontas na Mac Léinn in IT, Sligeach agus OT Bhaile Átha Cliath. Céard iad na saincheisteanna atá ann inniu do na mic léinn?
Comhlint Chroí
Tá ‘dating’ sa lá atá inniu iomlán athraithe le scór bliain anuas. Leanann an dráma Comhlint Chroí le scríbhneoir Fiona Ní Chiadhra ón Mhí scéal Ríona (duine nua iontacha Meg Ní Riain) agus í ag streachailt le saol na hollscoile, post páirtaimseartha agus ‘dating’ ar líne. Tagann Conchobhar (Dáithí Mac Suibhne), ar ais isteach ina saol ag cruthú fadhbanna ollmhóra dí.
An Taise
In An Taise stiúiríonn scríbhneoir agus cumadóir Thomas Quill ó Bhré scannán uafáis atá suntasach na laethanta seo. Tá tinneas uafásach ag dul timpeall agus bheadh toradh uafásach, ósnádúrtha dóibh siúd a thógann an leigheas ó dhaoine eile.
Bás Beatha
Chruthaigh an scannánóir Cláiríneach Domhnall Ó Dubhlainn, clár fasinéise darb ainm Bás Beatha. Cén tionchar a bheas ag Brexit ar na Garbhcríocha agus ar na hOileáín in Albain? Faigheann muid tuairimí eacnamaíochta, polaitíochta agus déimeagrafacha ó dhaoine éagsúla an phobail agus an pharlaimint.
Éalú
Is clár faisnéise a ardóidh croíthe atá léirithe ag Séamas Ó Conchubhair as Condae Chill Chainnigh agus ag Jennifer Lynch as cathair Chorcaí. Déanann an clar mionscrúdú ar bheirt imirceach, Rodelyne as Congó agus Friday ón Nigéir, a d’fhág a dtíortha dúchais chun foreigin a sheachaint agus chun saoil nua a thosnú in Éirinn.
Agus iad a teacht i gcomharbacht ar iar chéimithe ón gcúrsa, tá an buíon óg scannánaithe seo ag súil le gradaim a bhuachaint agus go gcraolfar a gcuid saothair ar theilifís, chomh maith le bheith craolta ag na féiltí scannáin is fearr dá bhfuil ann. Níos tábhachtai ná aon rud eile, féadfaidh siad bheith ag tnúth le deiseanna fostaíochta I dtionscoil bríomhar a bhfuil a gcuid scileanna de dhíth air.
Rithfidh an cúrsa seo ó Mheán Fómhair 2020 go dtí Bealtaine 2021.
Tuilleadh Eolais: Déan teagmháil le [email protected] & 086 607 2101
www.nemeton.ie/training