Tá na céimithe tar éis postanna a fháil in eagarthóireacht, ceamaradóireacht agus léiriúcháin i gcomhlachtaí léiriúcháin iontacha in Éirinn
Le blianta beaga anuas, d’éirigh thar barr le scannáin ón gcúrsa an tArd Dioplóma i Léiriú Téilifíse, lonnaithe i Nemeton TV agus creidiúnaithe ag Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.
Anois, tá na céimithe nua ag leanúint na céimithe a chuaigh rompu ón gcúrsa – beidh a gcláracha á chraoladh ar TG4 sa sraith CÉAD SEANS.
Is sraith í le rogha fairsing cláracha faisnéise ó scannánóirí óga a rinne an iarchéim teilifíse seo i nGaelteacht na nDeise. Is mó iad na buntáistí a bhaineann le hoideachas mar seo, agus tá na céimithe tar éis postanna a fháil in eagarthóireacht, ceamaradóireacht agus léiriúcháin i gcomhlachtaí léiriúcháin iontacha in Éirinn.
Díoltas le John Foley / Déardaoin 12 Nollaig 2019 5.35pm
Tosnóidh an tsraith Céad Seans le Díoltas, scéal a rinne an grianghrafadóir rathúil John Foley. Tá clár faisnéise bunaithe ar an bhfuadach brúidiúil, an phríosúnacht agus an léirscrios ar an gcigire RIC Gilbert Potter i 1921 i rith Cogadh na Saoirse. Léiríonn an clár seo na laethanta deireanacha a chaith Potter i dtithe sábháilte sna Comaraigh mar laethanta dian crua. Insíonn daoine áitiúla scéal Potter, rud a chuireann dearcadh níos doimhne agus taobh pearsanta leis an scéal fíorspéisiúil seo.
Guth An Cheoil le Andrew O’Leary agus Caoimhe Morrissey / Luan 16 Nollaig 2019 5.35pm Nochtann an ceoltóir éirimiúl Caoimhe Morrissey as an gClár agus Andrew O’Leary as Corcaigh cumhacht na teiripe ceoil ina gclár faisnéise croíúil ‘Guth An Cheoil’. Maireann James le Down Syndrome, agus ins an gclár faisnéise seo, téimid ar aistear leis agus lena chlann agus faighimid amach an sochar a fhaigheann sé as teiripe ceoil ina shaol.
Pagánach le Amii McGuinness / Máirt 17 Nollaig 2019 5.35pm
Sa scannán Pagánach scrúdaíonn ealaíontóir Phort Láirge Amii McGuinness ábhar na pagánachta in Éirinn inniu. Téann Amii timpeall na tíre ag labhairt le daoine Pagánacha, ag lorg freagraí do na ceisteanna: ‘An bhfuil Pagánachas fós beo in Éirinn inniu? Agus cad a spreagann daoine an tslí bheatha seo a ghlacadh? Rinneadh an clár faisnéise seo chun chabhair a thabhairt do dhaoine creideamh, ceol, stair agus deasghnátha Pagánacha a thuiscint.
Oglaigh Rojava le Leo de Mionbhíol / Céadaoin 18 Nollaig 2019 5.35pm
Sa scannán ‘Oglaigh Rojava’ Soláthraíonn Leo De Moinbhíol léargas uathúil nochtadh ar an tionscnamh réabhlóideach ollmhór atá ar siúl i Kurdistan sa tSiria. Cheangail daoine Éireannacha agus óglaigh idirnáisiúnta eile leis an Réabhlóid Rojava in aghaidh ISIS chun troid ar son cearta daonna na gCorrdínigh. Ins an glár faisnéise tarraingteach seo, buailimid leis na hóglaigh seo agus faighimid amach cad a thugann spreagadh dóibh chun cabhair a thabhairt do dhaoine ina leithéid críche dáinséarach seo.
An Seánléim le Kevin Foley / Déardaoin 19 Nollaig 2019 5.35pm
Féachann iománaí Dhún Garbháin Kevin Daly ar an tionchar millteach a bhí ag gortú ar imreoirí óga sa chlár faisnéise meallacach ‘An Seanléim’. Nuair a stróic seanimreoir mionúir agus faoi 21 Chorcaí Aaron Ward a bhallnasc cruciate, cheap sé go raibh a sheársa críochnaithe. Sa chlár faisnéise seo, feicimid eagla Aaron faoina thodhcaí sa sport, na dúshláin intinneacha agus fisiciúla a bhí roimhe agus na céimeanna a bhí air a ghlacadh chun teacht ar ais ón ngortú treascrach seo.
Tá an Cúrsa Iarchéime Ard Dioplóma, atá aitheanta agus molta go forleathan, creidiúnaithe ag Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht chomh maith. Tuigtear go forleathan gurbh é seo an cúrsa i rannóg na meán is mó a dhíríonn ar thionscal na teilifíse. Creideann an fhoireann go láidir go réitíonn an cúrsa micléinn don tionscal. Más os comhair ná taobh thiar den cheamara atá beartaithe ag na scoláirí, tá an cursa ansin chun cuidiú leo agus na scileanna riachtanacha sin a mhúineadh dóibh.
Tuileadh eolais: www.nemeton.ie/training